Tuarascáil Speisialta 80 – Riar Chiste an Tobhaigh Náisiúnta Sláinte agus Údaráis Áitiúil
Foilsithe 29 Aibreán 2013
Thar an tréimhse 1998 go 2009, leithdháil roinnt comhlachtaí airgead le haghaidh tionscnaimh comhpháirtíochta sóisialta a raibh baill foirne ón earnáil sláinte agus ón earnáil údaráis áitiúil páirteach ann. Cuireadh cuntas bainc ar bun, dar teideal Cuntas Ciste SIPTU um an Tobhach Náisiúnta Sláinte agus Údaráis Áitiúil (an Ciste) chun an t-airgead a cuireadh ar fáil a choinneáil. Rinne oifigeach sinsearach de chuid SIPTU an Ciste a riar. Mar gheall ar imní an phobail faoi oibriú an Chiste, thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais agus na taifid airgeadais uile a bhí a fháil i ndáil leis an gCiste, de réir Alt 5 (1) (b) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993. Déantar scrúdú sa tuairisc ar íocaíochtaí airgid phoiblí leis an gCiste, agus an méid a bhí socruithe dóthanacha cuntasaíochta agus tuairiscithe ar bun ag na comhlachtaí poiblí a chuir an maoiniú ar fáil. Déantar scrúdú ann chomh maith ar an gcaoi a ndearnadh bainistiú agus ar úsáideadh an t-airgead sa Chiste. Tá moltaí ann a dearadh chun an rialú agus an chuntasacht i leith deontais Stáit a fheabhsú.